Robin Jones

Robin_Jones_Painting_seven to nine

Robin Jones

Ráiteas Ealaíne / Artist Statement

Robin Jones works with a range of materials to make three dimensional objects and wall based works. He uses a variety of media; wood and bolts from DIY shops, paper, cloth etc., through which he invents and reworks a vocabulary relating to adaptable, mutable forms and structures.

The objects have a certain fragile quality, they seem close to collapse, remaining upright through internal tension, but sometimes suddenly overbalancing in slapstick fashion. They are often modular structures, re-makable, the parts roughly interchangeable, made through cutting, dismembering, replacing. It is not always certain if they are complete and their orientation and position is usually not fixed or certain.

The work takes in ideas around drawing as a language considered in various ways Speed of line, qualities of surface and speed of surface are concerns, as is an interest in proximity, hapticity and bodily gesture. Jones attempts to explore possibilities for combining and composing, breaking up and dispersing – groups of work that may or may not evolve towards coherence.

…………………………………………………….

Baineann Robin Jones úsáid as réimse leathan ábhar le saothair 3D agus saothair ar bhalla a dhéanamh. Adhmad, boltaí, páipéar, éadach – feidhmíonn na rudaí sin mar chuid d’fhoclóir fisiceach a bhaineann le struchtúir agus cruthanna inathraitheacha inchóirithe.

Níl cuma láidir ar na struchtúir seo. Cheapfá orthu go leagfaí iad gan stró, iad ag fanacht in airde faoina stuaim féin, ach ag titim ó chéile ó am go chéile, ar nós carachtair i ngeandráma. Tá éiginnteacht ag baint leo chomh maith – d’fhéadfaí páirteanna éagsúla a bhabhtáil, nó iad a chur le chéile ar bhealaí eile. Sa phróiseas oibre, gearrtar na struchtúir, baintear ó chéile iad agus úsáidtear arís iad. Ní minic ar soiléir é an bhfuil siad iomlán críochnaithe nó nach bhfuil, nó cén taobh ar cheart a úsáid mar bhonn.

Is féidir an saothar seo a thuiscint mar chomhrá faoin líníocht. Tuigtear línte mar ghearrthacha nó mar naisc. Tá an t-ealaíontóir tógtha le luas na líne agus tréithe an dromchla. Tá sé tógtha le ceisteanna faoi chóngaracht, faoi theagmháil agus faoin gcomhartha corpartha. Fiosraíonn sé na féidearthachtaí a bhaineann le comhdhéanamh agus cur le chéile, baint anuas, agus briseadh ó chéile. Sa phróiseas oscailte seo níl béim ar chomhtháiteacht an tsaothair.

 

Robin Jones

Robin Jones

Beathaisnéis / Biography
Robin Jones went to art school at LSAD, GMIT (then Galway RTC) and the Slade School of Fine Art, London He has exhibited in the Claremorris Open exhibition, Jerwood Drawing Prize, London, In the House, London, Iontas, EV+A and various other group exhibitions. Previous one-person shows include Galway Art Centre and Siamsa Tire Arts Centre, Tralee. He curated ‘Taking Note or The Curious Eye’ at NUIG art gallery in November 2013

Rinne Robin Jones staidéar ar an ealaín in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, agus san Slade School of Fine Art, i Londain. Tá taispeántais curtha i láthair aige mar chuid den Claremorris Open Exhibition, an Jerwood Drawing Prize, Londain, In the House, Londain, Iontas, EV+A, agus grúpthaispeántais eile. Bhí taispeántais aonair dá chuid saothar in Ionad Ealaíne na Gaillimhe, agus in Ionad Ealaíne Shiamsa Tíre i dTrá Lí. Bhí sé ina choimeádaí ar an taispeántas ‘Taking Note or The Curious Eye’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2013.

Leave a comment